Díomá ar Jim Higgins nach bhfuil aon Leagan Gaeilge de suíomh idirlín Parlaimint na hEorpa ar fáil.

Díomá ar Jim Higgins nach bhfuil aon Leagan Gaeilge de suíomh idirlín Parlaimint na hEorpa ar fáil.

Tá díomá ar an Fheisire Eorpach don Iarthuaisceart Jim Higgins nach bhfuil aon leagan Gaeilge den suíomh idirlíon oifigiúil Parlaimint na hEorpa ar fáil do mhuintir na hÉireann.

"Tá sé scannalach nach bhfuil aon aistriúcháin den suíomh tábhachtach seo ar fáil fós. Is teanga oifigiúil an AE í an Ghaeilge ón bhliain 2007, agus anois, 5 bhliain o shin, tá muid fós ag fanacht an leagan Gaeilge seo," a dúirt Jim Higgins d'Fhine Gael. 

"An chuid is mó den am, úsáideann mé an Ghaeilge nuair atá mé ag labhairt i seomra díospóireachta an Pharlaimint. Ach nuair atá an tras-scríbhinn curtha ar líne, caileann muid an bunteanga, is í sin an Ghaeilge, cé go bhfuil aistriúcháin ar fáil den tras-scríbhinn sna dhá theangacha is fiche (22) oifigiúla eile" a dúirt Jim Higgins freisin.

Tá litir scríofa ag an Fheisire Jim Higgins chuig Uachtárán na bParlaimint, an Polannach Jerzey Buzek, ag cur brú air chun an aistriúcháin a chur ar fáil don phobail chomh luath agus is féidir.

Login Form